We’re Back!! Electric Picnic 2015
Full programme HERE
An Puball Gaeilge agus Glór na nGael
![]() |
![]() |
Táimid iontach sásta gur thánaig Glór na nGael i gcabhair ar An Puball Gaeilge i mbliana. Murach iad ní bheadh an Puball ar siúl in aon chor, toisc gur ghlac Coiste Féilte Fhoras na Gaeilge gan an trí lá d’imeachtaí iomlán i nGaeilge a mhaoiniú i mbliana. Tá clár breá mór á chur i láthair againn ag an Phicnic le 130 oirfideach ag léiriú a dháin ar ardán ‘An Puball Gaeilge’ agus beidh an chraic i lár an aonaigh arís i mbliana i láthair pubaill siamsaíochta ‘MindField’. Tagagaí agus bainigí sult as gach a bheidh ag tarlú sa phuball, agus tugaimis buíochas do Ghlór na nGael chomh maith.
Electric Picnic Live ’13
An Puball Gaeilge @ Electric Picnic beo
Beochraoladh ar fud an domhain ar www.LiveTrad.com
nó lean an dá chraoladh ar YouTube
2pm Díospóireacht Beo (brúigh nasc)
5pm Kíla & Cairde Beo (brúigh nasc)
Fear a’ tí Rossa Ó Snodaigh
Clár na Féile – Beochraoladh LiveTrad ag tosnú ag 5pm
Dé Sathairn 31ú Lúnasa 2013 – craoladh ar www.LiveTrad.com
Tugann ceamaraí LiveTrad aghaidh ar an bhFleadhóg Leictreach an deireadh seachtaine seo agus beimid beo libh ón bPuball Gaeilge faoi dhó Dé Sathairn – ag a 2pm agus arís ag a 5pm.
Ag a 2pm beidh díospóireacht beo againn, á reachtáil ag an iriseoir Rónán Ó Muirthile, agus le haíonna ar nós an feisire Eorpach Seán Ó Ceallaigh agus an léachtóir Ciarán Mac a’Bhaird, faoi stádas na hÉireann leastigh den Aontas Eorpach.
Ansin ag a 5pm, tosaíonn cúrsaí ceoil agus craic le Kíla, Hip Nós, Colm Mac an Iomaire, Peadar Ó Goill, Toner Quinn agus Kevin McAleer – bígí linn óna 5pm-8pm do chraoladh nach bhfeicfear áit ar bith eile – ceol, greann, comhrá, craic agus go leor leor eile, agus é ar fáil saor in aisce ar LiveTrad.com agus urraithe ag Foras na Gaeilge.
Tuilleadh Eolais: Rossa Ó Snodaigh (086-8260860)